Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Leathanach 310
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin thainig an stroinnséir. "Fan anois go oidhche amáireach" arsan fear, "agus imtheóchad go cinnte mar tá roinnt rudaí le cur i dtreó agam." "Tá go maith" arsan stroinnséir, "agus bead ag fanacht leat ins an bpáirc sin thall" ar seisean ag síneadh a mhéur i dtreó páirce éicint san gcómharsanacht.Lár na bhárach chuaidh an fear go dtí tigh an t-sagairt agus d'innis a sgéul dó. Níór leig an sagart aoinní air ach go raibh thruagh aige do'n bhfear. Tháinig an oidhche. Chuaidh an sagart go dtí an áit agus thug sé crois leis agus uisge coisrighthe leis. Bhí an stroinnséir ag feitheamh leis an bhfear agus chuaidh an sagart i bhfolach. Nuair a tháinig an fear chaith sé sgaitheamh beag ag cainnt leis an stroinnséir. Bhíodar díreach chun imtheachta nuair d'árduig an sagart an crois agus chraith sé an t-uisge coisrighthe. Ar an nóíméad sin d'imhthigh an stroinnséir síós tríd an dtalamh as radharc agus tá poll ann ó shoin.Máire Ní Fhóghlúdha
An Leac- Bailitheoir
- Máire Ní Fóghlúdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leac, Co. Chiarraí