Scoil: Mín (uimhir rolla 13938)
- Suíomh:
- An Tuairín Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: -
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 052](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0450%2FCBES_0450_052.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 052
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín
- XML Leathanach 052
- XML “Sprideanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chomnuigh Diarmuid O Suilleabhain i Logfuadra. Seachtain roimh Nodlaig bhí gnó le déanamh aige i Lios Tuathail - 15 míle nó mar sin ó bhaile. San uair is beag tígh sa duthaigh seo in a raibh clog nó uaireadóir.Nuair dúisigh Diarmuid an mhaidin sin ar ghlaodh an coiligh cheap sé go raibh breacadh an lae ann. D'eirigh is d'ollmhuigh sé é féin is an capall i gcóir an bhóthair. Oidhche bhreágh ghealaighe a bhí ann agus siúd chun síubhail le Diarmuid in a shuidhe go socair ar na trocaille. Ar theacht go droichead "Headley" dó thug sé fé ndeara bean ag siubhal ar an mbóthar roimis agus máilín beag in a láimh aice.Nuair a tháinig sé suas léi stop sé an capall agus d'iarr uirre teacht isteach chuige. Shuidh sí laistiar de sa trucaill gan a beal d'osgailt. Labhair Diarmuid leis an gcapall imteacht ach níor chorraigh sé.Thug Diaruid stiall de'n fuip dó agus stiall eile agus igcionn cúpla nóimeint nuair a bhog sé ba dóig le duine go raibh ualach da thonna dhá iarrach aige. Dubhradh Diarmuid gur bhain se uair a chloig do'n capall dul leath-mhíle eile de'n bóthar, agus go raibh an t-allus mar sobal geal air.Annsan de phreab an capall agus as go bráth leis ar chos áirde. D'fheuch Diarmuid siar le h-eagla go dtuitfeadh an bhean bocht as an trocaill ach ní raibh tásc ná tuairisg uirre. Dhein Diarmuid foghair na croise air féin is dubhairt paidir ar son anama na marbh mar chreid sé gur duine bocht ó'n saoghal eile a bhí ag deánamh a phurgdóireacta a thug sé marcuigheachta dó.
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Curtáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)