Scoil: Srón (uimhir rolla 9090)
- Suíomh:
- An tSrón Bheag, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Mac Carrthaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0452, Leathanach 054](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0452%2FCBES_0452_054.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0452, Leathanach 054
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Srón
- XML Leathanach 054
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí tíghearna talmhan dar bainim Dúbhgáin Ó Crónín in a chómhnuidhe san tig 'na bhfuil an sagart paróiste in a chómhnuidhe anois. Do thárla sin tímceall céad is seasga bliadhain ó shoin. Bhí sé ana crúaidh ar a thineóntí. Bhí tríúr mac aige agus bhí gach duine aca in a dlíghedóir ar son na Condae. Tíoránaig a beadh iad agus bhíodar ana crúaidh ag cur an dlighe ar na daoine agus bhí daoine macánta díbeartha aca. Do rugadar ar mhach bhaintraighe a bhí in a cómhnuidhe inaice Cíll Áirne agus dúbhradar gur mhairbh sé fear a bhí in a chómhnuidhe i Ráthmhór. Do crochadh an fear agus níor dhein sé an gníomh sin in aoncor. Núair a bhíodh an tíghearna ag dul go tigh mór a bhí aige i gcómharsanact Cíll Áirne bhúaileadh an bhóthair os cómhair tige na bhaintraige Théigheadh sí ar a glúnaibh agus chuireadh sí easgaine air Lá amháin bhí duine úsal in aonfheact leis an dtíghearna ag gabhail thar a tig. Cúaidh an bhaintreac ar a glúnaibh mar ba gnath léi díarr an duine uasal air filleadh agus sásamh éigin do thabhairt do'n mhnaoi a bhí i dtriblóid. Níor chuir sé aon tsuim ann. D'fhill an duine úasal agus díarr sé uirthi an raibh aon nídh le rádh aice in a choinnibh. Dúbhairt sí ná raibh act an rascail a bhí i naofheact leis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Mac Carrthaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios na gCeann, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Scannaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An tSrón Bheag, Co. Chiarraí