Scoil: Loch Coiteáin (uimhir rolla 10049)
- Suíomh:
- Drom Mhic Bháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Coiteáin
- XML Leathanach 282
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)féin is d’fanad sé ag an fléid is bíodh sé ar an nduine ba mhó urram ann. Tagad na buachaillí tuighe go dtí gach bainis fado. Glaodtaí buacaillí thuighe ortha mar bíodh tuighe á caitheamh aca mar rioct bréag orta. Deinidís bobtha rinnce is tugad a ndóithín dighe doibh is bhíodh fáilte Uí Ceallaigh rómpa ag uile is cách. Fado deineadh lucht na bainise na beirte (an beirt) do thionnlacadh go dtí an t-seipéal. Ar mhuin capaill a théighidís ann. I dtig an fhir óig a bháiligheadh na daoine go luath sa ló is bídís ag ithe is ag ól, ag rinnce is ag déanamh cheóil, go dtí go mbíod sé in am dóibh dul go dtí an t-seipéal.
Annsan do bhíodh an-gleo aca ag d’iarraid an tosach do bhaint dá céile. Ar fillead dóibh bailighidís cumh tíghe (an buachalla) na mná tighe is bíodh féasta mór aca go dtí an maidin amáireac. Bhíod sé de nós ages na mnáibh bheith in a suidhe ar na gcapaill ar cúlaibh na bhfear. Níos déanaighe (aris) bé an capall is an trucaill (is) a bhíod mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- John Looney
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort Droma Ciarraí, Co. Chiarraí