Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 094](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0457%2FCBES_0457_094.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 094
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó Donnchadh an GhleannaComh fada agus is féidir liom a dheanamh amach ó bhéaloideas na sean-daoine i nGleann Fleisge i dtaobh muinteardha (Uí) Donnchadh agus is beag de sin atá le fagháil anois.
Ní ró mhaith an teist a bhí amuigh ortha imeasg muintir an ghleanna. Tíoránaigh cruaid fealltacha do beadh iad agus bhíodar an chruaidh ar dhaoine bhochta an ghleanna – más fíor na sean daoine. Seo cúpla sgéilín a bfuaireas
(1) Nuair a bhí Domhnall Ó Donnchadha mar taoiseach san gleann bhí sé an-dían ar fad ar mhuinntir an ghleanna bhí gasra mór saighdiúir aige san gcaisleán.
Théighidís amach go minic ag scuabadh stuic ó na ndaoine agus do marbhuightí fiche éigin mairt gach seachtmhain cun iad do cothughadh agus leigifidís na seithidhe leis an abhainn siar míle ó Chill-Áirne. Tugtar seithridhe as an áit fós. Theighidís amach comh fada soir go Baile Mhuire ag fuadaig na mbeithidheach ó na daoine nuair ní bhíodh siad ag muinntir an Ghleanna.
Do thárla go raibh baintreabhach ‘na comhnuidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diramuid Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Gleann Fleisce, Co. Chiarraí