Scoil: Cnoc na Bró

Suíomh:
Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Scannaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 580

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 580

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Bró
  2. XML Leathanach 580
  3. XML “Sliabh na mBan Fionn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sliabh na mban Fionn
    Bhí sean-bhean ann fadó agus ní raibh aon slíghe meartha aici ach ag ceannach olna agus á cárdáil agus á sníomh agus annsan cuireadh sí go dtí an fígheadóir é cun plainnín a dhéanamh de cun é a dhíol. Bhí tigín deas aici ar thaobh chnuic. Aon oidhche amháin bhí sí suas deánach ag cardáil olann. D’oschaileadh isteach an dorus agus tháinig sean-bhean mór cnapúlach isteach chúcha. Tháinig eagala uirthe roimis an sean-mhnaoi agus dúbhairt an sean-bhean léi. “Cíoruigh is slámaigh é is féarr duit conghnamh d’fághal, tabhair dhómhsa cúine dhe.” Do thosnuigh sí ar cárdáil na theannta agus ba mhaith chuige í. Dhéanfadh sí dhá oiread le bean an tighe. Súil éigin a thug sí uirthe chonnaic sí go raibh adharc ar a th-éadan. Tar-éis tamaill eile tháinig sean-bhean eile isteach go raibh dá adharc uirthe uirthe agus dubhairt sí arís, “Cíoruigh é, slámuig é is fearr díobh conghnamh d’fághail tabhair dómh-sa cúinne dhe. Do thosnuig sí sin airís ar é slámail is do cárdáil agus do chuireadar bean an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Teanga
    Gaeilge