Scoil: Cnoc na Bró
- Suíomh:
- Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Scannaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Bró
- XML Leathanach 635
- XML “An Buachaill Simplí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Búacaill SimplidheBhí buachaill simplidhe ann fado ‘s cailleadh a athair agus a mháthair. Ní raibh aon tsúaimhneas sa tsaoghal air annsan cun go raghadh ar an saoghal eile cun íad do d’fheisgint. Do cualaidh na daoine ins an tímcheall go raibh sé le h-imtheacht.
Do bhí gabha ins an áit agus do tháinig sé fé na dhéin feac an déanfhadh sé teachtaireacht dó. Dúbhairt an búacaill go ndeánfhadh sé agus fáilte. Dúbhairt an gabha annsan ná fheadar sé cad a bhí ag cur an mí-rádh air féin agus go raibh oiread oibre a dheánamh aige le h-aon beirt goibhne. Ní bheirfheadh a fhúacht ar a dteas ná a gruth ar a meadhg. Tháinig an fear a braon anúas cuige agus d’iarr sé air a ndeánfhadh sé teachtaireacht dó féin. Pe’n dícheall a dhéanfhadh ar an dtigh cun é díomughadh.
Dúbhairt an teacthaireacht dó go ndeánfhadh sé agus fáildte. Do cúala an Tíghearna talmhan go raibh sé ag imtheacht agus do bhí cuirabanduiocht aige seo ar an tsaoghal go léir agus ba mhaith leis go ndeánfhadh an búachaill seo teachtaireacht dó. Dúbhairt sé leis an teachtaire cúnntas a thabhairt cuighe connus a gheobhadh sé rud éigin(leanann ar an chéad leathanach eile)