School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Teacher: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (C.)
- XML Page 204
- XML “Piseoga”
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deireann na daoine annso nách ceart aon bhainne do thabhair saor d'éinne lá Bealtaine.
Deireann na daoine nách ceart, má chíonn iascaire bean ruadh ar maidin nuair a bhíonn sé ag dul ag iascach ná bíonn aon t-áth leis an lá san.
Deireann nách ceart "Beannacht Dé leat" a rádh le leanbh nó é a mholadh gan sheile do caitheamh air.
Deireann na daoine nách ceart do dhuine obair nua nó port nua a ghlacadh Dé Luain.
Do réir na sean daoine is ceart do dhuine dul isteach agus teacht amach tríd an doras ceadhna nuair a théigeann sé isteach i dtig eile. - Deireann na daoine annso nuair a díolann siad bó nú aon ainmidhthe eile gur ceart dóibh scilling nú sé phingne do thabhairt mar áth.
- Collector
- Eibhlín Ní Chonchobhair
- Gender
- Female
- Address
- An Cromán, Co. Chiarraí