Scoil: Fearann Iarthach (uimhir rolla 14183)

Suíomh:
An Fearann Iarthach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearann Iarthach
  2. XML Leathanach 341
  3. XML “Orthaí - Ortha na Farraige”
  4. XML “Orthaí - Paidir don Tromluí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. orthaí (~104)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Partalán Ó Gealbháin
    Inscne
    Fireann
  2. Orthaí
    Ortha na farraige
    Paidir le rádh nuair a bheithfeá ag dul ar an bhfarraige nó ag dul thar abhainn
    Tá an caise seo láidir doimhin
    'S a Rí na foidhne choinnibh mé ar láimh
    le h-eagla na tuille tréine
    A Mhuire saor mé is ná leig me bháthadh
    Paidir don tromluighe
    Áine máthair Mhuire
    Máire máthair Chríost
    Éilis máthair Naomh Eoin baiste
    An triúr sin idir mé agus galar na leabthan
    Crann na croise ar ar crochadh Críost
    Idir me agus an tromluighe
    Partalán Ó Gealbháin a thug iad seo mar phaidreacha dom. Tá Partalán bocht san uaigh agus gur ar dheis láimh Dé d'á anam
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.