Scoil: Seana-Caiseal (uimhir rolla 16745)

Suíomh:
Seanchaiseal, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seana-Caiseal
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “Aiste Tadhg Díomhaoin ó Uibh Ráthach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear a beadh Tadhg Diamhaoin a mhair shiar in Uibh Ráthach. B'é an cúis gur ghlaoidh Tadhg Daimhaoin air, fear a beadh é ná deineadh aon obair ach ag siubhal ó thig go tig. Bhí aon tigh amhain gur stadadh sé ann go minic agus b'é sin tigh Mháire Ní Mhóráin mar bhiodh sí ana mhaith dhó. Ins an ám san do shníomhadh mna tíghe mórán snáth lín. Do shníomhadh Maíre Ní Mhóráin don t-snáth lín. Tár éis an tsnáth do shníomh chaithidis é nighe agus é chur amhac ar a bpáirc ar mhaidí chun é thiormughadh agus é thabhairt isteach san oidhche mar bhí bitheamhnaig fluirseach an uair sin. Chuireadh Máire an snáth amach gach aon mhaidean agus go gcaithfeadh sí é thabhairt isteach i gcóir na h-oidhche. Aon tráthnóna amhain d'fiafruig Tadhg dí
    "A Maire" ar seisean "cadh na thaobh go dtugann tú an snath isteach gach aon tráthnóna."
    "Os na bitheamhnaig a Thaidhg" ar sise "mar do ghoidfidís é ins an oidhche."
    "Dá m'báil leat" arsa Tadhg "é fhágaint amuigh gach aon oidhche eile tá sé tuillte agat uaimse dul amach á faire gach aon oidhche faid a bheidh sé amuigh."
    An tráthnóna na dhiaidh sin d'fiafruig sí do Thadhg a raghadh sé amach ag faire an t-snátha anocht. Dubhairt Tadhg go raghadh, go raibh a dhóthain codhalta aige ar feadh an lae. Nuair a bhí an oidhche
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maitéas Ó Gríbhthín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort Má Luain Thoir, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Seagha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanchaiseal, Co. Chiarraí