School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Seanchaiseal, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear a beadh Tadhg Diamhaoin a mhair shiar in Uibh Ráthach. B'é an cúis gur ghlaoidh Tadhg Daimhaoin air, fear a beadh é ná deineadh aon obair ach ag siubhal ó thig go tig. Bhí aon tigh amhain gur stadadh sé ann go minic agus b'é sin tigh Mháire Ní Mhóráin mar bhiodh sí ana mhaith dhó. Ins an ám san do shníomhadh mna tíghe mórán snáth lín. Do shníomhadh Maíre Ní Mhóráin don t-snáth lín. Tár éis an tsnáth do shníomh chaithidis é nighe agus é chur amhac ar a bpáirc ar mhaidí chun é thiormughadh agus é thabhairt isteach san oidhche mar bhí bitheamhnaig fluirseach an uair sin. Chuireadh Máire an snáth amach gach aon mhaidean agus go gcaithfeadh sí é thabhairt isteach i gcóir na h-oidhche. Aon tráthnóna amhain d'fiafruig Tadhg dí
"A Maire" ar seisean "cadh na thaobh go dtugann tú an snath isteach gach aon tráthnóna."
"Os na bitheamhnaig a Thaidhg" ar sise "mar do ghoidfidís é ins an oidhche."
"Dá m'báil leat" arsa Tadhg "é fhágaint amuigh gach aon oidhche eile tá sé tuillte agat uaimse dul amach á faire gach aon oidhche faid a bheidh sé amuigh."
An tráthnóna na dhiaidh sin d'fiafruig sí do Thadhg a raghadh sé amach ag faire an t-snátha anocht. Dubhairt Tadhg go raghadh, go raibh a dhóthain codhalta aige ar feadh an lae. Nuair a bhí an oidhche(continues on next page)- Collector
- Maitéas Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Gort Má Luain Thoir, Co. Chiarraí
- Informant
- Pádraig Ó Seagha
- Gender
- Male
- Address
- Seanchaiseal, Co. Chiarraí