Scoil: Braighde (uimhir rolla 11343)
- Suíomh:
- Na Braighde, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire C. Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Braighde
- XML Leathanach 238
- XML “Pádraig Ua Dalaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San t-sean-aimsir do bhí file thiar in Uíbh Ráthach. Padraig Ua Dalaigh a b'ainm dó acht níor glaodhach aoinne riamh san áit air ach Padraig Buidhe. Do bhí dúíl mór aige i gcártaí agus cearbhach maith a beadh é. D'imthigh sé chun faoistine lá acht ní thabharfadh an sagart absolóvo dó gan na cártaí do thabhairt suas. Ní thabhairfeadh Pádraig suas iad acht d'iarr sé aithire na h-imire do thabhairt dó agus béigin don sagart é do thabhairt. Ní raibh lá ráthúil ag Padraig bocht as san amach agus do béigin dó dul ar fuaid na duaithí le mála ag bailiú déirce. Lá dá raibh sé ag taisteal do bhúail duine úasail éigin leis. D'iarr an duine úasail tomant air. So chuir Pádraig buidhe isteach san mhála é agus do cheangal sé beul an mhála le téad agus do chas sé air a dhrom é. Ní raibh sé i bhfad ag siubhal nuair a bhí sé tuirseach go leór dén ualach. "Ó Dia mór linn," arsa Pádraig Buidhe "Dá mbeadh an diabhal ar mo dhrom ní bheadh sé chomh trom is atáir" "An fear direach," arsa an duine san mhála, "mise an diabhal agus ní thiocfad amach a thuille." "Deirim se leat go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheal Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheataigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Braighde, Co. Chiarraí