Scoil: Braighde (uimhir rolla 11343)
- Suíomh:
- Na Braighde, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire C. Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Braighde
- XML Leathanach 239
- XML “Pádraig Ua Dalaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtiocfaidh tú amach agus saothar ort" sara bheadh-sa críocnuighte leat arsa Pádraig. Lean sé a ag siubhal go dtí gur srios sé muilean plúir leis an mála. D'iarr sé air an bainisteór an mála d'fiúcáil. Do caith Pádraig an mala isteach sa muilean agus do thosnuigh an muilean ag casadh agus ag síor casadh. Ina dhiaidh tamaill dubhairt an bainisteór le Padraig mun mbeadh an diabhal ann do bheadh sé fhiúcálaithe a dhóthain. "Isé an fear direach" arsa Padraig. "Ní beadh a thuille le deanamh agam-sa leis" arsa an bainisteór. Do tho Pádraig an mála arís agus do chaith sé ar a drom é agus seo chun siubhal arís leis. Do scrios se muilean eile. Muilean éadaigh do beadh an muilean seo. D'fhiafruigh sé den bainisteór an mála do fúagháil. "Tá go breágh" arsan bainisteóir, "caith isteach é". Chaith Pádraig isteach an mála agus thosnuigh an inneal ag fúaghái. Do bhí na snathaidí ag sáthadh agus ag sáthadh. "Dá mbé an diabhal é tá sé fúaghailte anois agat," arsan bainisteóir na muilne. "Is é an fear díreach" arsa Pádraig "lean ort", "leanfaidh mé agus fáilte" arsan bainisteóir. Fé dheire do glaoidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheal Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheataigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Braighde, Co. Chiarraí