Scoil: Braighde (uimhir rolla 11343)

Suíomh:
Na Braighde, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire C. Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 240

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 240

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Braighde
  2. XML Leathanach 240
  3. XML “Pádraig Ua Dalaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an diabhal ar Phádraig chun e do leigint amach. Ní leigfeadh Pádraig amach é go dtí go dtabhairfeadh sé geallamhaint do na dhéanfadh sé a thuile díobhála dó. Do thug an diabhal an geallamhaint agus sgaoil Pádraig é. Nuair a fuair Pádraig bás cuaidh sé suas go dtí neamh agus ní leigfeadh Peadar isteach é. Do chuaidh sé síos go hifrinn agus ní leifeadh an diabhal isteach é mar do bhí aithne maith aige air. Ba thrúagh Pádraig ansan. D'fhan sé ag faire caoi ar an diabhal chun isteach. Fé dheire d'iompuigh an diabhal a dhrom agus do sleamhnaigh Pádraig. Ag imirt cártaí a bhíodar istigh. Nuair a chonnaic an diabhal Padraig do glaodhach sé air chun cluiche d'imirt leis. Caithfaidh mé cluiche leat muna leigfead tú amach na peacaoidí seo acht má buaidh tusa coimead iad. Tá go breágh ansan arsan diabhal agus do tosnuigheadar ag imirt. Do bhiodar ag imirt agus níor bhuaidhidh an diabhal aon cluiche. Fe dheire do bhuaidh Pádraig glan ar an diabhal. "Amach leat anois", arsan diabhal tú féin agus na peacaidí. Amach le Pádraig agus suas go dtí neamh leis agus nuair a chonnac Peadar ag teacht é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheal Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muircheataigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Na Braighde, Co. Chiarraí