Scoil: Bun Glaise (uimhir rolla 10662)
- Suíomh:
- Bun Glaise Thuaidh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun Glaise
- XML Leathanach 120
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chomhnuidhe i nGleann-cártháighe fadó. Bhí dhá mhuic aige agus thug se íad go dtí an t-aonach a bhí i gCillorglan chun íad do dhíol. Bhí Cillorglan dhá mhile déag uaidh agus d'fág se a thig féin i lár na h-oidhche. Bhí an oidhche fuar agus fluich agus ní raibh aon teasbach air nuair a shrois sé an t-aonach agus rud níos measa ní raibh luach buaidéil pórtair aige ná píopa tobach chun é fein do the tar-éis an bóthair fhada.
Ní raibh se ró-fhada istigh ar an aonach nuair tháinig ceannuightheóir chuige agus d';fiafruig sé de'n fhear bocht cad a bhí uaidh air an dhá mhuic. "Ocht boúint" ar sa'n fear. "Tá go maith" ars an ceannuightheóir tabhairfaidh mé seacht bpúint duit ortha agus bhí an fear bocht sásta. Tar-éis an mhargaidh bhíodar ag chaint le no cheile. Bhíodar. Bhí an ceannuightheaóir ag maoidheamh as féin agus a rádh go raibh sé an-chliste "Má tan tú" ars an fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhraoinigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Drom, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Bhraoinigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- An Drom, Co. Chiarraí