Scoil: Bun Glaise (uimhir rolla 10662)
- Suíomh:
- Bun Glaise Thuaidh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun Glaise
- XML Leathanach 121
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bocht cuirfhidh me luach na muc ingeall leat ná tógfá an sróinín as sróin na muc.
Léim an ceannuightheóir agus do thug sé an sróinín as srón na muc le snap. Annsan bhí an fear bocht cráidhte nuair bhí luach a dhá mhuc imthighthe san geall agus ní raibh pingin eile in-a phóca aige. Tháinig brón air agus chuaidh se go dtí an ceannuightheóir ag lorg luach na muc. Dubhairt se leis an ceannuightheóir go raibh bean an -dana aige agus go marbheochadh sí é dá raghadh sé abhaile gan luach na muc. Dubhairt se ná raibh puinn le n-ithe ná le n-ól sa bhaile aca acht ag brath ar luach na muc chun bíadh d'fághail. Ní tabhairfheadh pingiun ruadh dó. Dubhairt sé gur buaidh se an geall uaidh go macánta. D'imthig an fear bocht suas is síos an t-sráid agus é go cráidhte agus ag caint leis fein, Chonnaic sé Domhnall Ó Connaill agus chuaidh se fen' a dhein. "Cad ta úait" arsa Domhnall "a leitheid seo" ars' an fear bocht "tá mo chroidhe briste". Cuiread luach mo dhá mhuc ingeall le ceannuightheóir agus bhuaidh sé an geall orm. "An bhfuil aithne agat ar an ceannuightheóir arsa Domhnall "tá ars' an fear bocht. "Ta go maith" arsa Domhnall "taibéan dom é. Taisbeán sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhraoinigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Drom, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Bhraoinigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- An Drom, Co. Chiarraí