Scoil: Curraichín (B.) (uimhir rolla 15978)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Scothlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (B.)
- XML Leathanach 610
- XML “Amhrán - Caitlín Óg”
- XML “Scéal ar Aogán Ó Rathaille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán - Caitlín Óg (ar lean)
“Bhíos-sa lá taisteal chun barra na h-Aoine”
(ar lean ón leathanach roimhe)A gcosmhail na ndeamhradh níor thárluig am cam
Agus ólfam a sláinte ó ránghamar ann.- Chuaidh Aodhagán isteach go seipéal aon lá amháin chun Aifrinn d'éisteacht. Bhí sean casóg air agus sugán mór timcheall air. Níor stad sé gur chuaidh sé isteach ins an áit go mbíodh na mná uaisle ar a nglúinibh ann. Bhí cuid des na mná uaisle ag teacht isteach in a dhiaidh agus nuair a connaiceadar fear na casóige móire rompa. Tháinig saghas sgáth ortha dul isteach ins na suideacánaibh Connaic an sagart conus mar a bhí an sgéal acu agus tháinig sé anuas. Chuaidh sé isteach agus labhair sé a rádh leis dul amach ón áit sin. "Cad a thug annso tusa" adeir sé Ná fuil fhios agat nach ceart duit teacht isteach ins an áit 'na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Sean-Peadar Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Seanchaiseal, Co. Chiarraí