School: Gleann Beithe (B.) (roll number 4762)
- Location:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Teacher: Séamus Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe (B.)
- XML Page 109
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'fhágaint uirthi. Dheineadar mar adubhairt sí agus do chuireadar í san reilig i mBaile na Cille agus an fó-ghúna uirthi. Nuair a tháinig an drifiúr eile abhaile dubhairt sí leis na daoine cá raibh an fó-ghúna a bhí uirthi agus dubhradar go raibh sé uirthi. Cúpla lá na dhiaidh san chuaidh beirt fhear go dtí an reilig d'oscail siad an uaig agus bhaineadar an fó-ghúna de'n chorp agus cad a bhí fuaghálta istig ann ach a lán airgid. Fuair an drifiúr an t-airgead. D'innis mo shean-athair Pádraig Ó Buacalla ó Baile na Cille an sgéal so dom.
- Sgéul
Bailighthe ag Pádraig Ó Ríordáin Cúl Ruadh.Fadó do chuaidh fear go dtí Coill na Curra ag baint sgolb. Nuair a bhí na sgolb bainte aige do shuidh sé síos agus do thuit sé a chodhladh. An fhaid a bhí sé ann do thaidhreamh sé go raibh pota óir fé'n a cheann. Nuair a dhúisigh sé bhí sé ró-dhéanach chun é a chuardach an uair sin. Do chuir sé marc san áit go raibh an(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Ríordáin
- Gender
- Male
- Address
- An Chúil Rua Íochtarach, Co. Chiarraí