Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (uimhir rolla 12198)
- Suíomh:
- Tír Ó Maoil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Conchubhar de Barra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ciaca ab fhéarr leat" ar seisean "an bullóg mhór agus mo mhallacht nó an bullóg bheag agus mo bheannacht". "Gach aoinne ag treabhadh ar an mbreis" arsan leath-amadán "tógfad an bullóg mhór". "Seo dhuit í" arsan driothár.
Bhuail fé'n a ascaill an bullóg agus siúd leis. I gcaitheamh an lae bhuail an t-ocras é. D'fhéach sé thímcheall air féachaint cá bhfaghadh sé tobar fíor-uisge. Chonnaich sé uaidh ceann agus dhein sé fé'n a dhéin. Nuair a tháinigh sé go dtí an tobar shuidh sé síos agus tharraing chuige an bhullóg aráin. Níorbh fhada é ag ithe nuair a léim spideóigín amach as an dtobar chuige. "An mbeadh aon bhrus aráin agat dom féin is dom geárrchaigh" ar seisean. "Tá sé cómh maith agat bheith ag imtheacht nó raghaidh le sgiathán briste" arsan leath-amadán. Léim an spideóigín isteach sa tobar agus dhein sé uachtar fola agus iochtar meala.
"Tá go breágh" arsan mbuachaill ag cur do an bóthar airís. Ní fada uaidh ag imtheacht nuair do thárluigh fear leis. "Cá bhfuilir ag dul?" ar seisean leis. "Ag lorg aimsire" d'fhreagair sé. "Seo mar atá buachall ag lorg máighistir agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Concubhar de Barra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)