Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (uimhir rolla 12198)
- Suíomh:
- Tír Ó Maoil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Conchubhar de Barra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rígh in Éirinn fadó riamh ó shoin agus fadó ó shoin é agus bhí triúr mac aige. Lá des na laetheannta agus uair des na h uaireannta agus tráth des na tráthanna dubhairt se le'n a thriúr mac go dtógfadh sé cúirt nuadh. Bhí san go maith agus ní raibh go h-olc. Bhí an triúr mac toilteannach leis. Chuir an rí gairm scoile amach annsan go caithfeadh gach aoinne tímcheall na h áite an cúirt a thógaint. Annsan do tosnuigheadar ar bheith ag tógaint na cúirte fé cheann seachtmhaine 'na dhiaidh sin.
An chéad lá do thosnuigheadar thainig éan ós a gcionn anáirde ag seinm ceóil. Nuair a chualaidh triúr mac an ríogh an téan ag seinm ceóil dubhradar gur mhór an truagh gan an t éan san bheith aici feinigh. Do leanadar an t éan annsan ad' iarraidh breith air agus d'imthigh an t éan uatha i bhfolach i bhfaill. Thángadar abhaile annsan agus ní raibh aon tuairisg ar an éan aca.
Bhí san go maith go dtí lár na mháireach nó go gtosnuighdear ar obair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Leidhin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Buaile Fhear Datha, Co. Chiarraí