Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (uimhir rolla 12198)
- Suíomh:
- Tír Ó Maoil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Conchubhar de Barra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle)
- XML Leathanach 036
- XML “Fionn Mac Cumhaill agus A Thriúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le cois a chéile - do cheannsa agus ceann Fhinn Mhic Chumhail.
Thóg Diarmuid a chlaidheamh annsan agus dubhairt "beidh do cheann sa ar an dtalamh sara a mbeidh ceann Fhinn Mhic Chumhaill buailte." Annsan nuair a chonnaic muínntir an oileáin cad a thárla do'n Rí thosnuigh an cath go léir. "Lá Luath a ghéobhaidh sibh Rí [?] is féarr é" arsa Fionn "mar má chuireann sibh fearg orm-sa ní bheidh fear agaibh ar an dtalamh ag luighe na gréine amáireach "Is feárr liom bheith ag bualadh na gce [?] díobh ná bheith ag imirt peile. Annsan tháinig an t-eagla ortha agus dheineadar fé mar a dubhairt Diarmuid leó.
Sheól Fionn agus na Fianna go h-Eireann annsan agus d'fhág slán ag gach a raibh Ghréig. Annsan mhaireadar go socair sásta as san amach.- Bailitheoir
- Brighid Ní Leidhin
- Inscne
- Baineann