Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (uimhir rolla 12198)
- Suíomh:
- Tír Ó Maoil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Conchubhar de Barra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)airí. Tháinig an téan ós a gcionn anáirde agus thosnuigh ag seinm ceóil. Do lean triúr airí í agus chuaidh sí i bhfolach san áit céadhna. Annsan chuaidh an mac críonna síos san bhfaill ach níorbh fhéidir leis aon tuairish d'fhághail uirthi. "Rachad-sa síos anois" arsan tarna mac agus má chuaidh ní fhuair se aon tuairisg uirthi. "Níl aon gnó againn" ars iad le'n a cheile "an tríomhadh driothár a scaoile [?] síos, mar má théighim," ars iad "marbh a bheidh sé."
Thángadar abhaile airís ach ní leigidís an driothár síos sa bhfaill in a chor. Nuair innseadar an sgéal do'n dri [?] ba bheag air é. "Rachad-sa síos san bhfaill ar seisean, gan puínn buidheachais díbh-se. D'imthigheadar síos annsan agus chonnaic sé poll mór istigh sa bhfaill agus d'imthigh isteach ann. Ní fada isteach a bhí sé nuair chonnaic sé coill agus dhein sé fé dhéin na coille sin. Chonnaic se i gcúinne na coille beag agus chuaidh sé isteach san tigh. Bhí sean-bhean istigh roimis agus chuir sí failte roimis toisg gurbh é mac an ríog é. "Cad thug annso thú a mh c a' ríogh, " ars sí sin leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Leidhin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Buaile Fhear Datha, Co. Chiarraí