Scoil: An Fhaill Mhór (uimhir rolla 12701)
- Suíomh:
- An Fhaill Mhór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Domhnall Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Fhaill Mhór
- XML Leathanach 054
- XML “Mo Licín Lite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mo Licín Lighthe 31-1-1938Fuaireas an sgéal so ó mo mháthair, Bean Thaidhg Uí Loinsigh. Do rugadh agus do tógadh ins an Dúinín í. Deir sí gur chualadh sí an sgéal fadó ó shoin.
Fadó do bhí fear agus bean pósta le chéile agus do bhí mac aca. Nuair a bhí an mac ana óg do fuair a mháthair bás. Do phós an fear arís.
D’órduigh sé d’á mhnaoi bheith ana cheanamhail ar an mac agus go leór bídh thabhairt do. Ní raibh an bhean ró cheanmahail ar an mac ach bhí eagla uirthi roimis an bhfear. Gach lá nuair a bhíodh císte ‘á dhéanamh do’n mhac do chuireadh sí leac bheag chiorcallach isteach i lár an chíste chun go gceapfadh an fear go raibh an císte go mór.
Níor mhaith leis an mac a rádh len’ athair mar gheall ar an lic mar bhí eagla air roimis a leas mháthair ach ba mhaith leis go gcloisfeadh an t’athair mar gheall air. Oidhche amháin ‘na suidhe timcheall na teine. Tháinig an t-am chun dul a chodhladh.
“Seadh anois,” arsa an mhac “dá mbeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pól Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Dúinín, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Thaidhg Uí Loingsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dúinín, Co. Chiarraí