Scoil: An Fhaill Mhór (uimhir rolla 12701)

Suíomh:
An Fhaill Mhór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Domhnall Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Fhaill Mhór
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “Scéal agus Amhrán i dtaobh Rúta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal agius Amhrán i dtaobh rúta
    Feabhra 15adh 1938
    Fuaireas an scéal agus an t-amhrán so ó mo sheana-mháthair. Bean Sheáin Uí Ríoghbheardáin an ainm atá uirthi. Do rugadh agus do tógadh í inGleann Beithe. Do fuair sí an scéal agus an t-amhrán ó’n a h-athair mórán blian ó shoin.
    Do bhí rúta ana mhór i bportach i nGleann Beithe uair. Ba le duine dár’bh ainm Dómhnaill Ó Ghríobhtha an portach. Lá amháin do bhailig sé scata fear agus do chuaidh siad go dtí an portach.
    Do tharraing na fir go léir an rúta as an bportach. Do chuir siad ar an bport é chun go dtirimeóchfaí é.
    Le teacht na h-oichche do bhailig na fir óga ó’n áit sin agus do ghoid siad an rúta. Do fuair gach duine aca píosa de’n rúta. Do bhí Bain-Fhile ó’n áit sin agus do bhí sí ábalta amhráin a cheapadh. Do chúm sí amhrán mar gheall ar an rúta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Dúinín, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Ríoghbeardáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Beithe, Co. Chiarraí