School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 003
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bí feirmeóir ann fadó agus bhí buachaill aimsire aige. Dúbhairt sé leis an mbuachaill gan teacht folamh cun an tíghe aon uair gan rud éigin na lamh aige fiú amháin cloch. Aon lá amháin nuair a bhí an buachaill ag teacht cun a dinnéir ní fheacha sé aon níd a tabharfadh sé leis. Connaic sé cloch deas i bfothrach tamall uaidh. Thóg sé an cloch agus bhí ceart fé. Thóg se an ceirt agus bhí sé cun é osgailt nuair a cuala sé guth.
Dféach sé na thímcheall agus chonnaic sé bean na seasamh taobh amuigh den fhalla. Dúbhairt sí leis an ceart bfágaint annsan mar go raibh ór istig ann agus gur leí féin e. Dúbhairt an buachaill ná leogfhadh agus go dtriobfeadh sé í cun é fhághail. Tháinig eagla uirthi agus dúbhairt sí go dtabharfadh sí dó é ach gan é innsint d'aoinne. Do bhí an buachaill lán tsásta. Dimthig sí as a radharch annsan. Cuaidh an buachaill abhaile agus dúbhairt sé le na mhaighistir go inbodh seana no iníádh leis go raghadh sé go h-America. Cuaidh sé ann. Tar-éis tamaill scríobh sé abhaile dá mhuinntir agus dinnis(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Shíothcháin
- Gender
- Female
- Address
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí
- Informant
- Seán Ó Síothcháin
- Gender
- Male
- Address
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí