School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 095
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Fhochail Fadó do bhí mórán sean-fhocail ag na sean-daoine agus déarfaidís na sean-fhocail sin in ócáididh áirighthe. Seo cuid díobh a fuaireas ó’m athair. “Ní raibh seana-bhróg riamh ná go bhfaghfaí sean-stoca dó.” Sé an brígha atá leis seo ná, nách bhfuil duine sa tsaoghal pe acha ait nó ciallmhar é ná bhfaigheann a cómh-duine féin. “Pósfaí an cat dá mbeadh airgead aige,” sé sin dá mí-thaithneamhaighe aon duine má bhíonn sé saidhbir, geobhtar bean a phósfaidh é. “Is fearr an cú a bhíonn ar siubhal nú an cú a bhíonn na lúb,” Is é an brígh atá le seo ná, ná bhfaghainn duine aon nídh as díomhaointeas. "B’fearr liom bean ‘na léine agus bean eile agus spré aici.” Is fearr bean críochnúil, gasta gan aon spré ná straoile mná go mbeadh airgead aici. ”Nuair a théigheann an gabhar go dtí an teampall ní stadann sé go dtéigheann sé do’n áltóir.” Nuair a gheibheann daoine áirghthe cead beag tógann siad a thuille. Síghle Ní Shíothcháin,
Inse na Tuinne,
Maistir-Gaoithe,
Cill-Áirne,Fuaireas an é seo ó,
Seán Ó Síothcháin,
Inse na Tuinne,- Collector
- Síghle Ní Shíothcháin
- Gender
- Female
- Address
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí
- Informant
- Seán Ó Síothcháin
- Gender
- Male
- Address
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí