Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)
- Suíomh:
- An Coireán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Helen O' Sullivan
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 149](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0475%2FCBES_0475_149.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 149
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Waterville (C.)
- XML Leathanach 149
- XML “Na Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Sean-FhocailBuachaill leisgeamhail ba eadh Tadhg. Dubhairt a mháthair leis dul go dtí an tobar fé dhéin cróca uisge, acht dubhairt sé go raibh a chos tinn. Dúbhairt a mháthair leis dul go dtí an tobar fé dhéin cróca uisge, acht dubhairt sé go raibh a chos tinn. Annsan dubhairt sí le Domhnall dul ann acht dubhairt sí le Domhnall go raibh fuacht air. Ba é rud a dubhairt sean-Sheán ná “Dearbhrathair do Thadhg Domhnall.”
Bhí aithne agam-sa ar chailín dárbh ainm di Mór agus bhí sí an mhór-chúiseach ar fad innte féin, agus ní leigfeadh an mhór-chúis di dul fé dhéin aráin ná aon rud eile dhí féin; bheadh náire uirthi. Ba mhaith léi cailín a bheith aici i gcomhnuidhe. Ba é rud a dúbhairt mé féin ná “Cailín ag Mór agus Mór ag lorg déirce.”
Bhí fear bocht ‘na chomhnuidhe sa Ráth uair agus bhí sé go mór as a mheabhair ach shíl sé go raibh gach aoinne san áit as a mheabhair ach é féin, agus bhíodh sé ag tabhairt comhairle dóibh. Ba é rud a dubhairt sean-dhuine leis lá ná: “Is dóigh le fear na buile gurab é féin fear na céille.”