Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)
- Suíomh:
- An Coireán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Helen O' Sullivan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuair Domhnall Ó Conaill cuireadh chun dinnéir i dtigh éigin thall i Sasana. Is bhí fútha nimh a thabhairt dó. Bhí deoch déanta dhó go raibh trí gloiní fuisgí ann agus h-imh tríd.Tháinig cailín aimsire mar a raibh Domhnall ‘na shuidhe agus labhair sí leis ós íseal “A Domhnaill Uí Chonaill a dtuigann tú Gaedhilge.” “Tuigim cheana a Chailín ó Éirinn” ar seisean.
"Ithe do dhóthain acht na h-ól aon rud mar tá salann ar a bpraisig ó ‘réir duit.” “Ó feachaigí amach – Cé hé sin amuigh” arsa Domhnall, ag leigint air raibh ionghantas éigin ann. Chuir sé a thumbléir féin in áit duine eile an fhaid a bhíodar ag feachaint amach. Sé ceann Conaill a d’ól an fear eile.