Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)
- Suíomh:
- An Coireán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Helen O' Sullivan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag cogaint a gCíorach. Ní raibh aon chortha ina choinnibh ach deasca na feóla i gcaitheamh a Shaoghail agus fiafrhuigheadh de cia ‘cu bhfeárr leis seacht mbliadhna ar a’ saoghal so arís nú seacht nóimeataí Purghadóireachta. Thóig sé teacht ar a’ saoghal. ‘Seadh, do luigh sé isteach ar a chéird airís ach ní dheineadh aon fhighe ach do bhaintreabhachaibh, agus ní bhaineadh aon díolaidheacht amach ar an Íde agus dá mbriseadh snáth sa tseól air, le h-eagla go ngiorrochadh sé an tómhas, do chuireadh sé sgutháin geataire a’ chur an fhaid chéudna ann.
Do tháinig na seacht mbliadhna agus b’fhios aige an lá agus an nóimeat a caillfí é. Do sgur sé a sheól, do sguab a thigh, do cheartuig amach an clár do féin, do shín siar agus do fuair sé bás. Dubhairt an Sagart go raibh an scéal go maith ag Muiris Connraoi. Dá mb’é leónughadh Dé gurab’ amhlaidh a bheadh agat-sa agus agam-sa ach 'seadh le congnamh A mhór thrócaire.