School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)

Location:
Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
Teacher:
Tomás Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 125

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 125

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Tiobraid
  2. XML Page 125
  3. XML “Scéal i dtaobh Púcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ná féadfaí dul in a gaor. "Tá dhá ba ar an dtaobh eile de'n claidhe, agus níl aon nídh déanta leo, agus is dóigh liom ná fuil aon ní dá shagas sin déanta leo. Bhí fiogar na croise ag bean an fheirmeora á dhéanamh leo. Dimthigheadar agus thánadar uatha san, agus an bhainne aca. Dubharadar annsan leis an gcailín dul go dtí a máthair ar maidin, agus bainne cinn a fhágaint aca, ná bheadh sí aon nídh cun deiridh leis. Dubhradar lei leis í crúd aon lá dá tagadh sí ag géimrig san clós. Dubhairt a máthair lei go bfhuigeadh agus fáilte. Dubhradar leis an cailín dul i codlad dí féinig go mbeadh an sgéal "alright". Théig sí ina codlad, agus má geibheadh ní raibh aon ím ag bean an fheirmeóra ar maidin dá fhágailt as a cuid bainne. Níor dubhairt an cailín faic. Ní raibh aon scannradh acht an tím a bhí ag máthair an cailín aimsire annsan. Is ró geárr gur chuaidh bean an feirmeora go dtí an sagairt, agus dubhairt sí leis go raibh an tím go léir bainte ag máthair an cailín aimsire. Dubhairt an sagairt le dul
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish