School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Achadh Tiobraid
- XML Page 204
- XML “An Margadh”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)codladh do dhéanamh san oidhche agus dá brígh sin bíodar ag imhteacht de ló as doidhche.
- Sgéal:-
Bhí fear mar seo fadó ann, ag baint móna as miothal aige ar taobh an bhóthair. Neantóg as bágún an biadh a bhí aca á nithe. Bhuail bacac (fear siubhail) cucha. Bhí sé leath mharbh leis antocras. Dubhairt an fear leis "Suidh agus ith do dhóthain" Seadh do shuidh sé. Nuair a bhí an béal ithe, do thug sé buidheachas do'n bhfear agus dimthig sé air. Níor chuimhnig an fear air as san amach.
Seadh, blian ina dhiaidh sin, d'imthig an fear go Corcaigh le fircíní ime. Bhí daoine eile in aoinfeacht leis. Bhíodar ag teacht abhaile, agus a gcuid airgid aca. Ar thuitim na hoidhche dhóibh, bhuail tig áluinn leo ar taobh an bhóthair. Chuadar isteach a diarraidh uisge. Bhí duine uasal istig ina shuidhe ar cathaor compórdac cois na teine. Bhí maca breágh bó amuigh aige.
Bheannuig sé na stróinséirí, agus(continues on next page)