Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)coidhche leis go dtí gur bhain sé amach talamh na Gréige. Tairrig sé suas a árthach i gcuan socair, áit ná raibh gaoth ná luascadh, tonn da bhualad, ná grian dá grian scoladh. Bhuail sé air ceangal lae agus bliadna súid is na bheadh sé uaithi ach uair a cluig. Do bhuail sé amach fe'n dtír. Bhí sé ag cur de go dtí go dtáinig sé go caisleán. Nuair a cuaidh sé go dtí an geata bhain sé crothadh as an cluigín. Táinig fear an geata cuige. D'fhiafruig sé dhe an máighistir ag lorg buacalla é ní buachaill ag lorg máigistir. Dubhairt sé gur buachaill é a bhí ag lorg máigistir. D'fhiafruig fear an geata dhe cad a bhí sé ábalta a dhéanamh. Dubhairt Seán go raibh sé abalta ar na h-aonníd a dhéanamh a cuirfí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Com, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Com, Co. Chiarraí