Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)

Suíomh:
Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 411

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 411

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Rialaigh
  2. XML Leathanach 411
  3. XML “Conas Mar Éirigh le Domhnall Ó Séaghdha agus Domhnall na mBó ar a dTuras ag Teacht ó Mhargadh Chorcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    san mar bheirt, nuair a bhíodar ag teacht abhaile. Bhí na h-aon tigh tógaithe suas i gCill Áirne rómpa. Níorbh fhéidir leó aon lóistín d'fháilt. Do bhuail fear leó sa t-sráid agus d'fhiafhruigh sé díobh an ag lorg lóistín a bhíodar. Dubhradar gur beadh. Dubhairt sé go dtabharfadh sé féin lóistín dóibh féin agus dá gcapaill.
    Do bheir sé leis go stí an tigh iad agus do chuir sé cóir bídh ortha féin agus ar a gcapaill. Nuair a bhí a gcuid bídh ithte aca dubhairt sé leó eachtra éinigh a rádh dhó taréis a gcúrsa.
    Fear mór scéalta agus amhráintí a bheadh Domhnall na mBó. Dubhairt sé cúpla sgéal agus cúpla amhrán do. "Seadh anois" a dubhairt an fear le Domhnall Ó Séaghdha. "Tá a ceart ráidhte 'ge seo, abair-sé sgéal nó amhrán anois." "Níl sgéal ná amhrán agam" arsa Domhnall Ó Séaghdha. "Tá eachtra éinigh agat," a dubhairt sé." bíodh sé fada nó gearraid, is cuma liom ach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2412B: (The Man Who Had No Story)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maidhchín Shéainín
    Ainmneacha eile
    Maidhchín Shéainín
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    31
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí