School: Cill Rialaigh (roll number 14988)

Location:
Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
Teacher:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 416

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 416

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Rialaigh
  2. XML Page 416
  3. XML “Conas Mar Éirigh le Domhnall Ó Séaghdha agus Domhnall na mBó ar a dTuras ag Teacht ó Mhargadh Chorcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí an sagart ollamh chun teacht ar an altóir. Do chualaidh sé an fothram ar fad sa t-Séipéal. Chuir sé a cheann amach tré doras an t-sacristy. Ní fheacaidh sé ach aon fhear amháin sa t-séipéal agus aibíd air. Do labhair sé leis an bhfear agus seo mar a dubhairt sé. "A Dhomhnaill Ui Sheaghdha an tú atá annsan nú bí do sprid atá ann."
    "Cé eile bheadh ann" ars a Domhnall Séaghdha "ach mé féin." Fuair sé bris agus do chaith sé braon de'n uisge coisreachan air. "Ó, faire, 'athair" arsa Domhnall Ó Séaghdha "is mór an náire mé leis anngabháilt seo orm." "Ó, ní h-é náire, a Dhomhnaill" ars an Sagart. "Tar annseo isteach chugham sa t-Sacristy." "Bhí iongnadh orm" arsa Domhnall "cad na thaobh go raibh na daoine ag teicheadh uaim agus dar nóir, bhí cúis acu leis." "Conus a bhain sé duit " arsan sagart leis. "D'innis sé dhó, focal ar fhocal fé mar a thuit amach. "Á, a Dhomhnaill" air sean sagart. "Sin é Domhnall na nDílleacht (nGeimhleacht) ó Chill Áirne a bhuail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2412B: (The Man Who Had No Story)
    Language
    Irish
    Collector
    Maidhchín Shéainín
    Other names
    Maidhchín Shéainín
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Gender
    Male
    Age
    31
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí