School: Cill Rialaigh (roll number 14988)
- Location:
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus B. Ó Lúbhaing
![The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 415](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0478%2FCBES_0478_415.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 415
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Rialaigh
- XML Page 415
- XML “Conas Mar Éirigh le Domhnall Ó Séaghdha agus Domhnall na mBó ar a dTuras ag Teacht ó Mhargadh Chorcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an doras oscailthe isteach leis. Nuair a chonnaic muinntir a' tighe chúcha isteach é agus an aibíd air do scrannuíodar mar do cheapadar gur b'amhlaidh a bhí sé ais-éirighthe. Sa t-siubhal leó agus níor stadadar gur bhaineadar an tigh ba ghiorra dóibh amach agus d'ínnseadar an sgéal annsan. Do bhóltáileadar san an doras ar eagla go leanfadh sé go dtí é sin mar thigh iad. Thug an fear bocht an oídhche i n-aonar, agus ní fhéadfadh sé a dhéanamh amach cad na thaobh gur theith na h-éinne uaidh.Bhí an Dhomhnach amáireach ann. Chonnaic sé na daoine ag dul go dtí an t-Aifreann. D'imthigh sé féin chun dul go dtí an t-Aifreann comh maith leó. Na h-éinne a chífeadh é do bhídís ag gearradh trí chonngar na bpáirceanna uaidh. Chuaidh sé isteach sa t-Séipéal agus má chuaidh do theith geach a raibh istigh sa t-Séipéal amach. Bhíodar ag pasáilt a chéile d'iarraidh an doras a bhaint amach. Ba ghearr go raibh an séipéal fé féin.(continues on next page)
- Collector
- Maidhchín Shéainín
- Other names
- Maidhchín Shéainín
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 31
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry