Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)áit an Fiolar go dtógfadh sé Uibh Ráthac ar fad leis. Do sgríobhadar litir chun Seán Sigerson i n-Acadh Ghada agus sgríobhadar san litir chun Muinntir Chonnaill i nDoire Fhíonán agus thugadar san fógra éirighe amach i gcoinne an Fhiolair. D’éirigheadar amach thoir is thiar thuaidh is theas agus thosnuigheadar ar bheith ag pleanncadh na mbeithidheach.Sé an cómhradh a bhí eatortha an oidhche sin náBuailighidh agus pléascaidh ba beaga
Ramhra an tSasanaigh.Mharbhuigheadar mór-chuid acu agus chuireadar i n-áiteanna na feicfí iad agus chuireadar ar salann a thuille acu.Bhí spiairi éigin i measc na bhfear agus chuir sé sgeula chun an Fhiolair. Tháinig an Fiolar agus droch-chrot air agus bhailibh sé chuige na beithidhigh nár deineadh aon nídh leó agus d’imthigh sé agus ní fheachaich aoinne a thásg ná a thiairisg i nUíbh Ráthach riamh ó shoin.Bhí fear dárbh ainm Tadhg na Steall ag marbhú na mbeithidheach i dteannta na bhfear agus dubhradh leis go ndubhairt duine éigin leis an Fiolar gurbh é féin an ceann a bhí ar na fir. Do scannraidh Tadhg agus chúm duine éigin an bhéarsa seo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí