Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Rialaigh
- XML Leathanach 449
- XML “An Rásúr”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)VI
Níl mo bheannacht sa lé fághailt go brách ag Pádraig buidhe.
Nár scaoil linn an rás úd nuair ná raibh sé ábalt ar tharrach chun cinn.
Dá bhfaghamís fair play is gan éinne a dhul in acrann dín
Go dtabharimís an sway linn gan buidheachas do bhád Paddy bhuidhe.VII
Níl mo bheannacht sa le fághailt ag an sá fhear sonanta Chómhan.
Nár fhág ar an dtráigh gach haon bhád dá raibh déanta cnó.
Nuair a caitheamh an piléar do éaluigheadar tamallín rómhain,
Sé dubhairt an Captaoin beidh an sway againn má mhair mise beo.VIII
Tá mo bheannacht sa le fághailt ag an sár fhear sonanta ceart
Do bhronn orrain bád an lá chuadhmair san Chathair isteach,
Gur thug sé dhúinn ól agus bórd an fhaid a bhí sé inár measc
gur ag Mr Spotswoods atá fhios cé hiad is feárr an fhaid a mhairidh an Madge.IX
Ní fheadair na cómhairsin fós cad é an smuirc atá in ár gcroidhe
Nuair ná beiridís in ar dtreó lá fórsa i bhfarraige an Chinn
Dá maireadh Rí Seóirse do gheóbhaimís pinseann gan mhaoil.
Is go mbeidhmís ag an gCé sé mo léan sar a mbeidís leath slighe.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Bólas, Co. Chiarraí