Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)

Suíomh:
Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 452

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 452

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Rialaigh
  2. XML Leathanach 452
  3. XML “An Gamhain Geal Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    III
    Is fíor gurbh í b'óige is mhire
    D’fhág mise anois riamh mar táim
    D’iompuigh Éire as Clár Fodhla am coinnibh
    I dtuiscint is a síorraí gnáth
    Dá ndéarfá go n-ólfainn mo thuilleamh
    I gcuideachtain an ghamhain ghil bháin
    'S nách aoibhinn do réice na cruinne
    Nuair a imrighid cúig thar láimh.
    IV
    Ní cás dom alán acu d'fheiscint
    Ba dheise ná foghail mo mhná
    Cé go mó stáid-bhean ciúin mhánla dheas mhilis
    Ba binne í ná'n chláirseach dá spreagadh
    ....
    Is ba ghile í ná’n éide ar clár
    Thug barr léi ón a dtáinig is ón a dtiochfaidh
    Le ghluaiseacht a súil thar barr.
    V
    Dá mbéadh agam cúig ins gach cluiche
    Is an cuireata i gcúl mo láimhe
    Ní thiocfadh aon acu am choinnibh
    Do chuirfeadh mé amú ar mo ghrádh
    Do shnámhfainn an taoide is an tuille
    Gan cuiter gan long gan bád
    Is ní thiocfainn i súilibh aon duine
    Chun gcasfaí mé am colúr cois tragha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Bólas, Co. Chiarraí