Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tigh cúirte nó triúr ban.Táilliúir cneasta don tír seo
Ná tarragíonn díreach snáth
Nú máistir scoile ná scríonn ceart
Sin beirt gan crích gan árdIs fear an mhaith a deintear agus a maoidhtear
Ná an mhaith ná deintear agus ná maoitearTá múineadh ar fhear ó aois go bás
Agus ní mhúintear a’ bhean ach an aon uair amháinDéanamh na raidhne (Rann)
Dein de fhaobhar fulag í agus faghairt
Balla leagadh agus tógáilt
Bíodh sí slím sleamhain gan rian an chéird
Agus bíodh sí tógthe ‘na sleannán
Dá fhaid é an lá tagann a dheire
Agus dá mhéid an grádh fásann fearg.Nuair a raghair id’ sheanóir go doras Mic Dé
Osclóchaidh an doirseóir duit má’s duine leis féin.Ní hiongadh gach tubaist a thiteann ar mhnaoí
Níor cheart di an drúcht a shiúbhal ná a pearsa a ghabhailt reíd(leanann ar an chéad leathanach eile)