Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ba, capall, caoire, muca, gamhna agus beithidhigh ag m’athair. Tá éanlaithe sa bhFeirm leis. Tá cearca, lachain, turcaithe agus géanna. Tá ainm fé leith aige ar gach bó. Siad so na h-aimreacha Maoilí, Cúibí, Sucaí agus Smólach. Itheann an capall féar, coirche, prátaí agus mangailí. Bíonn an capall amuich i rith an t-Samhraidh agus i rith an Fhóghmhair gach oidhche. Is ar an gcnoc is mó a bhíonn sí. Bíonn slabhra fuithe nuair a bhíonn sí ar an gcnoc. Bíonn sí istigh sa Gheimhreadh again. Cró a thugtar ar an dtigh go mbíonn na ba istigh ann i rith na Gheimhridh. Cuirtear tuighe, fionán agus asair mar leabaidh fes na ba. Slabhraí a bhíonn ag ceangal na mba againn agus bíonn braighdeáin as na slabhraí chun é a chur timcheall na n-adharc ortha. Crútar na ba dhá uair sa ló ar maidin agus tráthnóna. Is ar an gcnoc a bhíonn na caoire formhór na bliadhna. Tá sean-fhochal ann i dtaobh na gcaoireach agus is é seo an sean-fhocal(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus O Conaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí