Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)scólta aice cuireann sí an bainne innti agus deintear í. Tógann sé uair a chloig go leith an cuigean do dhéanamh. Nuair a bhíonn sí déanta againn bíonn ana áthas orm-sa mar bíonn mo lámha ana-thuirseach ó bheith síos suas leis an ngloinithe. Má thagann aon duine isteach nuair a bhíonn an cuigean á dhéanamh buaileann an duine sin gleas ar an gcuigean ar eagla go mbéarfadh an duine sin leis an tím. Nuair a bhíonn an gloinithe glan sin é an uair a bhíonn an cuigean déanta.Annsan bainean mo mháthair an tím de’n chuigean. Gheibheann sí uisce fuar ar dtúis agus cuireann sí an tím isteach ann. Annsan bíonn sí á suathadh léi go dtí go mbíonn sé cuibhseach cruaidh. Annsan cuireann sí salann ar chuid de chun é dithe, agus fágann sí an chuid eile de i gcoimeád chun é dhíol.Nuair a dhíolann sé é gheibheann sí airgead air. Tugtar bláthach mar ainim ar an mbainne a bhíonn sa mheadar annsan. Tugtar cuid de’n bhláthaigh d’os na gamhna óga agus cuirtear a thuile de chun císte. Is deise an císti a deintear leis an mbláthaigh ná leis an leamhnacht. Óltar an bláthach leis. Tá sean-fhocal mar gheall ar an mbláthaigh, sé seo é “Is maith leis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus De Faoite
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Aine Ní Chonaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí