Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uirthi. Deirtear mar a mbuailfeadh sé greas ar an gcuigion go mbéarfadh sé an t-im leis. Deirtear leis nách ceart spré theine a bhreith amach as an dtigh an fhaid a bhíonn sí sa mheidir. Baineann sé uair a chluig no uair go leith an cuigion do dhéanamh. Nuir a bhíonn sí déanta bíonn an t-ím ar nós liathróide i lár na meidre. Nuair a bhíonn mo mháthair ag baint an t-ím dein chuigion bionn strainín agus cupán aice. Bláthac a thugtar ar an mbainne nuair a bhíonn an t-ím bainte dí. Tá sean fhochal ann i dtaobh an bhláthaigh agus is é seo an sean fhochal. Más bia bainne ní bainne bláthach. Deintear an bhláthach d’úsáid chun é cur i císte agus tugtar a thuille de dos na gamhna.
- Bailitheoir
- Séamus Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí