Scoil: Currach Beag (uimhir rolla 10721)
- Suíomh:
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Dhrisceóil
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach Beag
- XML Leathanach 008
- XML “Gort an Fhill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gort an FheillTá an páirc seo "Gort an Fheill" i bhfearann Riabhach in Oileán Dairbhre. Do tionóiltí pátrún "Deirearca" i mbaile Meadhonach sa Márta gach blían. Tháinig beirt fhear thar chaladh go dhí an pátrún. Chuadar isteach i dtig feirméora. Bhí dhá ghunna aca. Chuaidh a bhean bog cruaidh orthu filleadh abhaile agus gan bacadh leis an bpátrún go raibh tionósg éigin uathbhásach le tuitim amach ag an bpátrún. Níor thógadar comhairle na mná. Do chuadar go dtí an pátrún agus níorbh fhada ann dóibh nuair d'éirig bruighean idir dhá dhream daoine. Do chabhruig an beirt stroinséar le dream aca. Do buaidheadh ar an dream san idreó is gur theith an bheirt soir ar thaobh an chnuch. Do lean an dream eile íad agus thánaghadar suas leo agus do lámhachadar íad araon i bpáirc i mbaile Fearann Riabhac go dtugtar ón lá san go dtí an lá indiu "Gort an Fheil" mar ainm air.
- Bailitheoir
- Seán Ó Fáile
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Tinní Uachtaracha, Co. Chiarraí