Scoil: An Caladh (uimhir rolla 11313/11419)
- Suíomh:
- An Caladh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: P.Ó Loingsig
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 241](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0479%2FCBES_0479_241.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 241
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Caladh
- XML Leathanach 241
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí losa agus a mháthair ag siubhal timcheall uair amháin.”
Do bhí Íosa agus a mháthair ag siubhal timcheall uair amháin. Thángadar go dtí tigh feirmeóra. D'iarradar lóistín na hoídhche.
Níor theastuigh ó bhean an tighe iad a leigint isteach in aon chor. Dubhairt sí ná raibh aon áit aici a chuirfeadh sí chun codladh iad.
Fear maith dob eadh fear an tighe, agus dubhairt sé gur mhór an truagh iad a chur amach fá spéir na hoídhche. "Leig isteach iad agus leig dóibh luighe sa cholg" ar seisean.
Amach san oídhche bhuail tinneas an fear. D'iarr a mháthair ar Íosa an fear a leigheas.
"A Mháthair", ar seisean "is é an smeachtú ar bhean míonádúrtha an fear maith a bhaint di". Dubhairt Íosa paidir do annsan, agus do leigheas sé an fear.- Bailitheoir
- Brighid Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn Chathrach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Mac Cárthaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rinn Chathrach, Co. Chiarraí