Scoil: Clochar na Trócaire, Gráig na Manach
- Suíomh:
- Gráig na Manach, Co. Chill Chainnigh
- Múinteoir: Sr. Agatha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá a lán tobareacha bheannuighthe i nGráignamanach acht sé an tobar go bhfuil an teolas is mó agam na thaobh ná tobar Naomh Fiachra. Tá sean-rádh agam mar gheall air:-
" Uisce fíor ó thobar Fiachra,Saoirfigh sé ó bháidhte aoineach, "
Is minic a chuala na sean daoine ag trácht air, agus táim anois chun gach a chuala a bhreacadh sa leabhar so.Tá tobar Naomh Fiachra suidhte i bpáirc mhór in Ullard. Tá clocha 'na thimcheall mar chosant air. Tobar fíor uisce iseadh é. Do bheannuig Naomh Fiachra é ins an dara h-aois déag, agus sin é an fáth go gcuirtar an t-ainm sin ar. Ar bhullán cloiche i n-aice an tobair tá poll mór le feiscint, áit a gcuireadh an naomh a cheann nuair a théigheadh sé chun suain. Tugann gach duine ó Gráig-namanach turas go dtí an tobar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gráig na Manach, Co. Chill Chainnigh