Scoil: Athgarvan, Curragh (uimhir rolla 13350)
- Suíomh:
- Áth Garbháin, Co. Chill Dara
- Múinteoir: Bean Mhic Niocaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0776, Leathanach 184](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0776%2FCBES_0776_184.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0776, Leathanach 184
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Athgarvan, Curragh
- XML Leathanach 184
- XML “Scéal R”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal R (ar lean)
“Ní raibh focal Béarla ag seanmháthair m'athair - Bean Uí Gealbháin ab ainm dí.”
(ar lean ón leathanach roimhe)gceann mo shin-shean-mháthar ná gurb amhlaidh a bhí duine des na comharsanaibh ag briseadh isteach sa bhfeirm agus ag crú na mbó, i rith na hoidche nó go moch ar maidin. Dubhairt sí go bfanfadh si na suidhe ar feadh na hoidhche ar fad chun breith ar pé bitheamnach a bhí ag goid a cuid bainne.Ceart go leór. Nuair a bhí na leanbhaí ag dul a codlad an oidhche sin dubhairt sí leis an mac ba shine a bhí aice gan dul a codlad in aon-chor ach cóta mór a chur air agus buaileadh amach sa pháirc in einfeacht leí. Nuair a bhí an [?]-tighe 'na gcodlad aice, chuir sí an glas ar an ndoras agus bhuail sí amach - í féin agus an stócach agus chuadadar i gcéile i n-áit éigin sa pháirc mar a raibh radharc maith acu ar na buaibh. D'fhanadar mar sin i rith na hoidhche ach níor chuir aoinne isteach ortha. Díreach ag breacad an lae d'eirigh an bhó agus níor dhein sí siad nó cómhnuidhe gur shrios sí rach no lios a bhí ar an bhfeirm. Do lean bean Uí Ghealbháin agus an stocach í, ach do leath na súla ortha nuair a chonnaiceadar an laogh ag teacht amach an an lios agus ag dul anonn go dtí an bhó agus chromad ar í aIs beag nó gur thuit an stócach i bfanntanas ach ní eagla nó scannrad a tháinig ar a mháthair ach olc agus fearg. Do chuaidh si in áirde ar an lios agus bata mór trom 'na láimh aice agus do bhagair sí an laogh ón mbuin agus do thug sí agaid na muc is(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bean Mhic Niocaill
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)