School: Athgarvan, Curragh (roll number 13350)
- Location:
- Áth Garbháin, Co. Chill Dara
- Teacher: Bean Mhic Niocaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Athgarvan, Curragh
- XML Page 223
- XML “Scéal DD”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal DD
“Is ó O'Callaghan's Mills i nOirthear an Chláir a tháinig athair mo shin-shean-athar go Cill Mháille.”
Is ó O'Callaghan's Mills i nOirthear an Chláir a tháinig athair mo shin-shean-athar go Cill Mháille. Nuair a bhí sé na chómhnuidhe sa Mills chuaidh se go cathair Luimnighe lá ag marcuigheacht ar a chapall. Bhí sé dorca nuair a bhí sé ag filleadh abhaile an oidhche sin. Bhí sé déanach ach ní raibh sé ró-dhéanach. Tháinig sé ceart go leór nó gur shrios sé áit sa bhothar 'na raibh leath - aill ar thaobh dé. Annsan siad an capall go hobann agus cos eile ní raghad sé. Do leasg me shin - shean athair leis an bfuir é agus do chuir na priocaí go smiar air ach niorbh am mhaith dó. Bhí an capall ag prom sál ar an mbóthar agus ag raide agus bé dhicheall domh shin-shean athair gan é leigint leis an leath-aill. Bhí sé ag gabhail dó, chun go raibh sé cráidte. Sa deire chuaidh an saighdhiúir anoch thareis - saighdiú gan ceann! leis sin do chuir an capall beic uathbhásach as, agus as go brath leis agus níor fhéad mo sin-shean-athair stop do chur leis chom go raibh trí mhíle Slighe curtha de. Bhí sé ag crith annsan agus cubhar ag tuitim leis. Do stad mo sín-shean-athair ag tígh-tabhairbe a bhí in aice leis. Ní raibh na daoine ann ná bhuachaill óg an capall do ghlanadh fhaid is a bheadh sé féin ag ól braoinín chun a mhisneach d'fhághail thar nais. D'innis sé a scéal do mhuinntir a tighe a tabhairne, agus(continues on next page)- Collector
- Bríghid Bean Mhic Niocaill
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir