Scoil: Tibohine (uimhir rolla 15544)
- Suíomh:
- Tigh Baoithín, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Úna Ní Thiomáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tibohine
- XML Leathanach 196
- XML “Tigh Baoithín - Tibohine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tigh-Baethin in Airteach. Sin ainm na tíre atá ag dul síar ó Dún-gar go dtí abhainn na Luinge agus ag síneadh ó thuaidh go dtí in aice leis an gCaisleán Riabhach. Badh é Mac Diarmada an t-Árd Tighearna nó an taoiseach nó mar a dubhradh go minic "An Rí" do bhí ar an tír seo.Deir leabhar Leacan - Mac Diarmada Rí Máighe Luirg agus Airtigh agus tíre Tuathail. An áit ba mhó clú in Airteach ba é Tigh-Baithin é.Cérbh é Baoithin? Deirtear go raibh sé in a chol-ceathar go Colm Cille. Deir seán leabhar "Clann dá Dearbhrathair iad" an Dia(?) agus Baethin agus Com Cille, acht níl mé cinnte an iad na Baoithíní céadna iad. Oir ba é Baoithin col-ceathrar do, bhí in a abb ar í nuair cailleadh Colm Cille agus is é lá Meitheamh 10adh a lá, acht is é Feabhra 14 lá Baoithin airtigh agus badh de sliocht Cinell Conaill col-ceathar Colm Cille acht deir feílire Dun na nGall mar seo Baoithin Easbog Mac Cuanac ó Tigh Baoithin in Airteach Connacht no i-n Iarthar Midhe.De sliocht Eanna Mhic Néil so mar sin de niorbh iad na daoine céadna iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Úna Ní Thiomáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Dr de hÍde