Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tosuigheann sé ag moladh an fhir ionphósta, a tighe, a chuid talmhan, a mhéid stoc &rl.
Má bhíonn fear an tighe sásta cuirtear an cheist ar an gcailín & má bhíonn sise sásta leis an bhfear ghnitear an cleamhnas.
Luadhann fear-an-tighe an spré a bhíos ag an gcailín. Amannta bíonn saghas bargúin acu cosamhail leis an mbargúin a bhíos ar siubhal ar aonach, an fear óg ag iarraidh níos mó airgid & athair an chailín a rádh nach dtiubradh sé níos mó di. Faoi deire thiar thall socruightear an difríocht a bhios eatorra le cabhair an fhir eile, tógann sé amach buidéal & óltar sláinte an mbeirt.
Socruightear annsin lá an Phósadh. Tagann an lá sin. Fadó bhíodh custúm acu bainfeis a thabhairt & cuireadh a thabhairt dos na comharsanaibh a teacht lá an Pósadh bailigheadh a lán carr cliathán & téighidís go dtí an Séipéal & nuair a pósadh an beirt thiomáinidís ar turas fada sul a tagaidís go dtí teach an chailín. Annsin Thosnuigheadh an féasta.
Gleasadh buachaillí an ceanntair nach mbíodh cuireadh acu i sean - éadaigh cosamhail le mná & cuid eile i dtuighe & téighidís go dtí an bainfeas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Cormac
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Glas (Mahon), Co. na Gaillimhe