Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhíodh fáilte rompa. Shuideadh na daoine eile & chromadh na cuairteoirí ag damsadh. Bhí ar an mnaoi nua pósta rinnce a dheanamh leo . Géibidís biadh & deoch agus bhuailidís abhaile. Acht anois níl an custaim sin ann. I n-Inid go mór gniti an cleamhnas.
Cuala mé custúm eile a bhíodh ann fadó i dtaobh pósadh.
Amannta cíodh fear cailín éigin & thuiteadh sé in grádh léi. Annsin dá mbeadh fios aige nach dtiubhradh a athair í dó gléasadh sé féin & a chairde & théighidís go dtí teach an chailín san oidhche nuair a bhíodh an líon tighe in a gcodladh & sgiobadh sé an cailín in aimhdheóin a athar in einfeacht leis leis go dtí a theach féin.
Cuireadh sé fios ar an sagart a teacht cun iad-san a pósadh & pósadh iad i dteach an fhir.
Uair amháin bhí cailín & buachaill éigin in grádh leithi. Tháinig sé go dtí a teach sa i meadhon oidhche & sgiob sé í in éinfeacht leis abhaile. Nuair a chuala athair an chailín an sgéal bhí sé ar buille. Chuir sé fios ar na Piléaraibh & thugadar fear an cailín agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Cormac
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Glas (Mahon), Co. na Gaillimhe